
Rochtain ar fhostaíocht
Rochtain ar fhostaíocht
Is féidir cead oibre a dheonú d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta mura bhfaigheann siad an chéad chinneadh ar a n-iarratas laistigh de shé mhí. Is é sin sé mhí tar éis an dáta a thaispeántar mar “Iarratas Faighte” ar do Chlár um Chosaint Idirnáisiúnta.
Tar éis cúig mhí, is féidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iarratas a dhéanamh ar líne chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce le haghaidh Cead Rochtana ar an Margadh Saothair . Má dheonaítear é, ciallaíonn sé seo gur féidir le daoine oibriú ó 6 mhí tar éis dháta an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.
Ní féidir leat tosú ag obair go dtí go bhfaighidh tú do cheadúnas ó Seachadadh na Seirbhíse Inimirce (ISD).

