
Cad é an Liúntas Costais Laethúil?
D’fhéadfadh iarratasóirí atá ina gcónaí in ionaid chóiríochta IPAS a bheith i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil ar a dtugtar an Liúntas Costais Laethúla .
Is é €38.80 an méid íocaíochta seachtainiúla in aghaidh an duine fásta agus €29.80 in aghaidh an linbh. Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí tástáil acmhainne ar an íocaíocht.
Iarratas a Chur Isteach ar an Liúntas Costais Laethúla
Ní mór iarratais ar íocaíochtaí an Liúntais Costais Laethúla a dhéanamh trí Sheirbhísí Leasa Pobail sa Roinn Coimirce Sóisialaí.
Faigh tuilleadh eolais faoi conas rochtain a fháil ar Sheirbhísí Leasa Pobail .
Is féidir foirmeacha iarratais ar Liúntas Costais Laethúla (DEA1) a chur isteach leis an bpost chuig:
Foireann Tacaíochta CWS Shligigh,
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh,
Bóthar an Choláiste,
Sligeach, F91 T384.


