
Íocaíocht Riachtanas Breise
Cad é an Íocaíocht Riachtanas Breise?
Féadfaidh iarratasóirí a bhfuil gá breise acu le cúnamh airgeadais iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Riachtanas Breise (ANP) tríd an Oifigeach Leasa Pobail áitiúil. Déanann na hOifigigh Leasa Pobail áitiúla sa Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar iarratais ar Íocaíocht Riachtanas Breise ar bhonn cás ar chás.
Ba chóir aon cheisteanna maidir le híocaíochtaí den sórt sin a dhíriú chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí.

