
Seirbhísí Cúraim Sláinte
Rochtain ar chúram sláinte
Cé go bhfuil roinnt seirbhísí sláinte saor in aisce do chách amhail seirbhísí máithreachais agus seirbhísí imdhíonta, iarrfar ort íoc as seirbhísí eile mura bhfuil cárta leighis agat. I measc na seirbhísí saor in aisce atá nasctha le cárta leighis tá: cuairteanna chuig Lia-Chleachtóir Teaghlaigh (GP – dochtúir teaghlaigh) lena n-áirítear seirbhísí GP lasmuigh d’uaireanta oibre, drugaí agus cógais ar oideas, seirbhísí ospidéil phoiblí d’othair chónaitheacha agus d’othair sheachtracha, comhairleoireacht ghearrthéarmach le haghaidh deacrachtaí síceolaíocha éadroma go measartha, seiceálacha fiaclóireachta, tástálacha súl agus tástálacha cluaise.
Conas iarratas a dhéanamh
Conas iarratas a dhéanamh ar chárta leighis
Chun iarratas a dhéanamh ar chárta leighis, is féidir leat an fhoirm iarratais a chomhlánú, nó an fhoirm a bhailiú ag Oifigí Sláinte Áitiúla, Ionaid Chóiríochta IPAS, nó ó fhoirne Sláinte Imirceach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Incháilitheacht
Incháilitheacht le haghaidh cárta leighis
Braitheann incháilitheacht do chárta leighis ar d’ioncam féin, ní ar ioncam an teaghlaigh ná ar na daoine aonair atá ag soláthar cóiríochta má tá tú i gcóiríocht phríobháideach. Más é d’aon ioncam ná an íocaíocht sheachtainiúil Liúntas Costais Laethúla (CCL) de €38.80 do dhaoine fásta agus €29.80 do leanaí, ansin cáilíonn tú go huathoibríoch.



